COVID-19

Cad is COVID-19 ann?

Is é COVID-19 an galar a tharlaíonn mar gheall ar an víreas ar a dtugtar an géarshiondróm riospráide coróinvíris-2 (SARS-CoV-2). Is tréithchineál nua coróinvíris é SARS-CoV-2. Níor sainaithníodh é i ndaoine roimh mhí na Nollag 2019.

Tá go leor cineálacha éagsúla coróinvíris ann. Is ainmhithe is mó a bhíonn ionfhabhtaithe ag coróinvíris ach d’fhéadfadh cuid acu daoine a ionfhabhtú chomh maith.

Thosaigh an ráig reatha COVID-19 go déanach in 2019; dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur paindéim a bhí ann an 11 Márta 2020 [1].

Is í sin an chéad phaindéim riamh mar gheall ar choróinvíreas.

Symptoms of COVID-19

Cad iad siomptóim COVID-19?

Is iad príomhshiomptóim COVID-19:

  • fiabhras
  • casacht
  • laige ghinearálta nó tuirse
  • blas agus/nó boladh athraithe nó caillte
  • sceadamán nimhneach
  • tinneas cinn
  • pianta mhatáin
  • buinneach.

Tá éagsúlacht mhór i ndéine an ghalair ó dhuine go duine.

Is féidir roinnt daoine a bhfuil COVID-19 orthu a bheith aisiomptómach. Is ionann sin agus a rá nach mbíonn siomptóim ar bith orthu.

I gcásanna tromchúiseacha, d’fhéadfadh na siomptóim seo a leanas a bheith san áireamh

  • deacracht análaithe nó gearranáil
  • mearbhall
  • pian chliabhraigh.

D’fhéadfadh sé go mbeadh cúram leighis agus tacaíocht leighis speisialaithe de dhíth ar dhaoine a bhfuil siomptóim throma orthu.

D’fheadfadh riocht an othair dul in olcas go tapa agus, más amhlaidh an cás, is minic a tharlaíonn sé seo sa dara seachtain den ghalar.

Ar an drochuair, ní mór do roinnt daoine a bhfuil COVID-19 orthu seal a chaitheamh san ospidéal. D’fhéadfadh sé go mbeadh dianchúram ag teastáil i gcás cuid acu sin, in amanna go ceann tréimhsí fada.

Cad iad aimhréidheanna COVID-19?

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar dhaoine a bhfuil siomptóim throma orthu a théann i bhfeidhm ar na haerbhealaí úsáid a bhaint as análaitheoir (tacaíocht aerála meicniúla). Mar gheall air seo, is féidir go mbeidh siad níos soghabhálaí maidir le hionfhabhtú eile a fháil seachas COVID-19, amhail niúmóine.

Tá riosca níos mó ag roinnt othar COVID-19 freisin maidir le haimhréidheanna a bhaineann le téachtadh fola, amhail strócanna nó taomanna croí.

Ina theannta sin, d'fhéadfadh siomptóim a bhaineann leis an néarchóras a bheith ar othair uaireanta. D’fhéadfadh athruithe pearsantachta sealadacha a bheith i gceist leo sin nó leibhéil aireachais athraithe.

Is airde an dóchúlacht go mbeadh gá le seal san ospidéal do dhaoine aosta, go háirithe daoine os cionn 60 bliain d’aois agus daoine a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu.

Tríd is tríd, is beag an baol atá ann go bhfaighidh duine bás ó COVID-19, ach tá an baol sin níos airde ná mar atá sé i gcás fliú. Tá baol níos airde ann go bhfaighidh daoine scothaosta bás, mar aon le daoine a bhfuil tinneas fadtéarmach nó bunriochtaí sláinte orthu.

Céard é riocht iar-COVID-19 nó COVID fadmharthanach?

D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí fadtéarmacha ar líon beag othar de bharr ionfhabhtú SARS-CoV-2. Tugtar riocht iar-COVID-19 air seo, ar a dtugtar COVID-19 fadmharthanach freisin.

Bíonn tionchar ag riocht iar-COVID-19 ar othair de gach aois, lena n-áirítear daoine nach raibh ach siomptóim éadroma COVID-19 orthu nuair ionfhabhtaíodh iad den chéad uair.

San áireamh leis na siomptóim sin tá:

  • cailleadh bolaidh nó blais
  • tuirse
  • laige ghinearálta
  • gearranáil
  • lagú cognaíoch

Níl aon tástáil ann chun riocht iar-COVID-19 a dhiagnóisiú agus d’fhéadfadh sé go mairfeadh na siomtóim go ceann seachtainí, míonna nó tréimhse níos faide.  Níl aon chóireáil ann don riocht seo faoi láthair. Mar sin féin, tugann an fhianaise le fios gur lú an seans go dtuairisceodh daoine aonair atá vacsaínithe i gcoinne COVID-19 comharthaí riochta iar-COVID-19.

Transmission of COVID-19

Conas a scaiptear COVID-19?

Scaiptear an víreas SARS-CoV-2 ó dhuine go duine go príomha trí cháithníní uisceacha bídeacha a scaoiltear isteach san aer nuair a análaíonn, duine ionfhabhtaithe agus go háirithe nuair a bhíonn siad ag labhairt, ag canadh, ag scairteadh, ag sraothartach, ag casacht, etc. Is féidir leis na cáithníní dul a fhad le daoine eile in aice láimhe (má tá siad laistigh de dhá mhéadar ar shiúl de ghnáth), ar féidir leo na caithníní a análú isteach.

Is féidir le cáithníní níos mó (braoiníní) titim freisin ar dhromchlaí lena mbíonn daoine i dteagmháil. Is féidir leis na daoine sin an víreas a chur ar a lámha agus ionfhabhtú a fháil nuair a chuireann siad lámh ar an tsrón, ar an mbéal nó ar na súile. D’fhéadfadh an víreas maireachtáil go ceann roinnt uaireanta an chloig ar dhromchlaí amhail copar nó cairtchlár, agus d’fhéadfadh sé maireachtáil go ceann cúpla lá ar dhromchlaí plaisteacha agus cruach dhosmálta.

D'fhéadfadh tras-seoladh ó dhuine ionfhabhtaithe go duine eile a thosú dhá lá sula mbíonn aon siomptóim ar an duine ionfhabhtaithe. Ar an meán, déanfaidh duine ionfhabhtaithe amháin suas le cúigear daoine eile a ionfhabhtú, mura ndéanann siad aon rud chun tras-seoladh a chosc.

De ghnáth, ní thaispeántar siomptóim go dtí go ndeachaigh cúig nó sé lá thart tar éis don duine a bheith ionfhabhtaithe. Mar sin féin, d'fhéadfadh tréimhse idir lá amháin agus dhá sheachtain a bheith i gceist.

Risk groups of COVID-19

Cé atá i mbaol ó COVID-19?

Tá gach duine i mbaol ó COVID-19.

Mar sin féin, is mó seans go tiocfaidh géarghalar ar ghrúpaí áirithe den daonra dá bharr. Ar na grúpaí sin tá daoine os cionn 60 bliain d’aois agus mná torracha, chomh maith le daoine a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu, amhail:

  • murtall
  • brú fola ard
  • diaibéiteas
  • galar croí
  • galair fhadtéarmacha a théann i bhfeidhm ar na scamhóga agus ar na haerbhealaí
  • riochtaí a dhéanann difear don néarchóras
  • a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe orthu.

De ghnáth, ní bhíonn na siomptóim i leanaí chomh trom is a bhíonn siad i ndaoine fásta. Mar sin féin, is féidir le leanaí an víreas a scaipeadh ar dhaoine eile go fóill, agus tagann géarghalar ar chuid acu.

Cruthaíonn spásanna brúite faoi dhíon deiseanna le haghaidh mhearscaipeadh COVID-19: tá ráigeanna suntasacha feicthe i bpríosúin, in ionaid imirceach agus i ngléasraí próiseála bia.

D'fhéadfadh aer fuar nó tais cur leis an dóchúlacht go scaipfí an víreas ó dhuine go duine.

Prevention of COVID

Conas COVID-19 a chosc?

Is é an bealach is éifeachtaí chun COVID-19 a chosc ná vaicsainiú - mar aon le bearta eile amhail maisc aghaidhe a chaitheamh agus scaradh fisiciúil. Is lú seans go mbeidh géarghalar ar dhaoine atá vacsaínithe nó go mbeidh orthu dul isteach san ospidéal. Sin an fáth a bhfuil comhlachtaí sláinte poiblí ag iarraidh ar gach duine atá incháilithe a bheith vacsaínithe go hiomlán i gcoinne COVID-19 a luaithe is féidir. Léigh tuilleadh i dtaobh vacsaíní COVID-19.

Is bearta iad go léir a chuireann deireadh le tras-seoladh ná scaradh fisiciúil a choinneáil ó dhaoine eile, aeráil mhaith de spásanna laistigh a chur i gcrích agus maisc aghaidhe a chaitheamh.

Trí na lámha a ní go minic le gallúnach agus uisce nó le tuaslagáin alcól-bhunaithe, cuirtear cosc freisin ar thras-seoladh an víris ó na lámha isteach sa chorp trí na súile, tríd an tsrón nó tríd an mbéal. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach ár ngrafaic faisnéise ar bhearta neamh-chógaisíochta.

Treatment of COVID-19

Conas a chóireáiltear COVID-19?

De réir a chéile, tá fáil ar chógais chun COVID-19 a chóireáil a dhíríonn go díreach ar an víreas. Mar sin féin, baintear úsáid astu go príomha chun géarghalar i ngrúpaí ardriosca a chosc.

Is é cúram tacúil an phríomhchóireáil don chuid is mó de na hothair a bhfuil géarghalar orthu, (e.g. teiripe ocsaigine a úsáid agus leibhéil sreabháin a bhainistiú), rud atá an-éifeachtach i mórán cásanna.

Chun teacht ar an bhfaisnéis is déanaí maidir le cóireálacha COVID-19, féach suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA): Cóireálacha agus vacsaíní do COVID-19 nó suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: Cóireálacha do COVID-19 (europa.eu)

 

Tuilleadh eolais

--------------------------------------------------------------------

Tagairt:

(1) Tráchtanna tosaigh an Ard-Stiúrthóra EDS ag an seisiún faisnéise do na meáin maidir le COVID-19, an 11 Márta 2020:  Ar fáil ag: https://www.who.int/dg/speeches/detail/who-director-general-s-opening-remarks-at-the-media-briefing-on-covid-19---11-march-2020

 

Nóta: Is chun críocha faisnéis ghinearálta an fhaisnéis atá sa bhileog eolais seo agus níor chóir úsáid a bhaint aisti in ionad saineolas aonair agus tuairim ghairmí cúraim sláinte.

Vacsaíní in aghaidh COVID-19

Foghlaim tuilleadh faoin gcaoi a n-oibríonn vacsaíní COVID-19, a bhforbairt agus a bhformheas, agus faoin gcaoi a ndéantar faireachán ar a sábháilteacht.

Page last updated 19 Noll 2021