Diftéire

Bileog eolais

Cad is diftéire ann?

Is galar tromchúiseach í diftéire arb iad is cúis léi baictéir Corynebacterium diphtheriae (agus i gcásanna áirithe freisin Corynebacterium ulcerans) a dhéanann coilíniú ar na seicní múcasacha sa scornach agus sna haerbhealaí uachtaracha ar féidir leo tocsain a tháirgeadh a théann i bhfeidhm ar orgáin eile.

Image of woman with fever

Cad iad comharthaí diftéire?

B’fhéidir go dtiocfadh agus b’fhéidir nach dtiocfadh comharthaí ar dhaoine atá ionfhabhtaithe le baictéir dhiftéire, ach i gcás ar bith iompraíonn siad na baictéir agus is féidir leo daoine eile a ionfhabhtú.

  • Beidh ionfhabhtú conaire riospráide ar fhormhór na ndaoine a bhfuil diftéire orthu, le scornach tinn agus fiabhras de ghrád íseal ag teacht orthu sna chéad chúpla lá den bhreoiteacht. Ní bheidh tuilleadh comharthaí i gceist i gcásanna éadroma den bhreoiteacht.
  • Má tá an galar níos déine, forbrófar dlúthhsheicin. D’fhéadfadh an tseicin a bheith áitiúil – cuir i gcás, d’fhéadfadh sí teacht díreach ar na céislíní nó ar an bhfaraing – nó d’fhéadfadh sí a bheith ar réimse leathan de chonair riospráide an othair. I gcásanna níos déine, d’fhéadfadh an chuma de ‘mhuineál tairbh’ teacht orthu.
  • Is féidir le diftéire a bheith ina cúis le loit a bheith le feiceáil ar an gcraiceann a chruthaíonn othrais atá clúdaithe le seicin liath nach gcneasaíonn. Tá siad sin níos coitianta i measc daoine bochta, daoine gan dídean agus úsáideoirí drugaí.

Cad iad aimhréidheanna diftéire?

Fiú amháin le cóireáil, faigheann thart ar othar amháin as deichniúir a bhfuil diftéire riospráide orthu bás. Is é an chúis bháis is coitianta atá ag diftéire ná fadhbanna croí. Is féidir le diftéire a bheith ina cúis le tocsainí a scaoileadh isteach sa chóras imshruthaithe agus san fhíochán. D’fhéadfadh sé sin damáiste géar a dhéanamh d’orgáin. Is féidir le deacrachtaí a théann i bhfeidhm ar an gcroí agus ag a mbíonn deacrachtaí néareolaíocha mar thoradh, amhail pairilis, a bheith i gceist freisin.

woman coughs

Conas a scaiptear diftéire?

Scaiptear diftéire trí bhraoiníní ó chonair riospráide duine ionfhabhtaithe – go háirithe trí chasacht nó sraothartach. Má théann an galar i bhfeidhm ar an gcraiceann, is féidir é a scaipeadh trí theagmháil le créachtaí nó le loit duine ionfhabhtaithe.

Is féidir le daoine a bhfuil diftéire gan chóireáil orthu a bheith tógálach go ceann suas le ceithre seachtaine agus is féidir le daoine a iompraíonn na baictéir a bheith tógálach go ceann tréimhse níos faide, fiú mura bhfuil aon chomharthaí orthu.

Bíonn foirm an ghalair a théann i bhfeidhm ar an gcraiceann le feiceáil den chuid is mó i measc daoine bochta, daoine gan dídean agus úsáideoirí drugaí. I measc na bhfachtóirí riosca maidir le hionfhabhtú tá taisteal, dlúth-theagmháil le heallach, agus táirgí déiríochta amha a ithe.

Cé atá i mbaol diftéire?

Tá daoine nach bhfuil vacsaínithe agus ag a raibh dlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe i mbaol ionfhabhtú diftéire.

Baby being vaccinated

Conas diftéire a chosc?

Tá vacsaín éifeachtach i gcoinne diftéire ar fáil agus tá líon na gcásanna san Eoraip agus ar fud an domhain laghdaithe go mór ag ollvacsaíniú. Tá vacsaíniú i gcoinne diftéire mar chuid de ghnáthchláir imdhíonta, agus tugtar an vacsaín in éineacht le vacsaíní in aghaidh galar eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh méadú teacht ar líon na gcásanna diftéire arís má thagann laghdú ar chlúdach vacsaínithe.

Conas a chóireáiltear diftéire?

Is féidir diftéire a chóireáil le hantatocsain agus le hantaibheathaigh. Féadfar cúrsa coisctheach antaibheathach a thabhairt dóibh siúd atá ina gcónaí nó a bhíonn in éineacht le duine a bhfuil diftéire orthu.

Page last updated 3 DF 2022