COVID-19

Man getting a mouth swab to test for COVID-19

Is í paindéim COVID-19 is cúis le bás daoine, breoiteacht thromchúiseach, agus cur isteach ar an saol sóisialta agus ar an ngeilleagar fud fad an Aontais Eorpaigh (AE) agus ar fud an domhain. Is féidir le vacsaíní sábháilte agus éifeachtacha le haghaidh COVID-19 daoine a chosaint ar bhreoiteacht, go háirithe gairmithe cúraim sláinte agus pobail leochaileacha, amhail daoine scothaosta agus daoine a bhfuil galair fhadtéarmacha orthu.

Comhordú Eorpach

Thacaigh an Coimisiún Eorpach agus gníomhaireachtaí AE le taighde agus forbairt luathaithe ar vacsaíní in aghaidh COVID-19.

Áirithítear leis sin go mbeidh na vacsaíní sin ar fáil a luaithe is féidir, nuair a chruthaítear go bhfuil siad sábháilte agus éifeachtach.

Beartaítear i straitéis an AE um vacsaíní in aghaidh COVID-19, a sheol an Coimisiún Eorpach, an méid seo a leanas:

  • vacsaíní in aghaidh COVID-19 atá ar ardcháilíocht, sábháilte agus éifeachtach a áirithiú;
  • mear-rochtain ar na vacsaíní sin a fháil do na Ballstáit agus dá gcuid pobal.

Leis an straitéis sin, léirítear an iarracht dhomhanda dlúthpháirtíochta lena n-áirithítear rochtain chothrom ar vacsaíní inacmhainne.

Leag an Coimisiún Eorpach príomhghnéithe ullmhachta amach le cur san áireamh ag Ballstáit ina straitéisí vacsaínithe COVID-19. Le sonraí iomlána a fháil, féach Ullmhacht le haghaidh straitéisí vacsaínithe agus úsáid vacsaíní in aghaidh COVID-19.

 

Tuilleadh faisnéise ginearálta faoi vacsaíniú, féach:

Vacsaíní in aghaidh COVID-19

Foghlaim tuilleadh faoin gcaoi a n-oibríonn vacsaíní COVID-19, a bhforbairt agus a bhformheas, agus faoin gcaoi a ndéantar faireachán ar a sábháilteacht.

COVID-19

Fíricí tábhachtacha maidir le COVID-19, siomptóim, aimhréidheanna, COVID-19 fadmharthanach, conas a scaiptear é, agus fachtóirí riosca.