Fíricí faoi vacsaíní
Úsáidtear vacsaíní ar fud an domhain mar bhealach an-éifeachtach le daoine a chosaint ar tholgadh galar tógálach. Tá siad ina gcuidiú le leathadh galar a chosc sa phobal. Oibríonn vacsaíní trí chóras imdhíonachta duine (cosaint nádúrtha an choirp) ‘a theagasc’ é féin a chosaint in aghaidh galar ar leith. Díríonn siad ar ghalair de dheasca víris nó baictéir den chuid is mó.
Forbraíodh an chéad vacsaín san 18ú aois sa Ríocht Aontaithe. Vacsaín in aghaidh bolgaí a bhí ann, galar marfach. Tá bolgach díothaithe ar fud an domhain anois i ndaoine a bhuí le vacsaíniú. Taifeadadh an cás deireanach a bhfuil eolas air in 1977 san tSomáil.
Tá a lán vacsaíní ann in aghaidh a lán galar sa lá atá inniu ann. Tá taighde ag dul ar aghaidh fós chun vacsaíní a fhorbairt in aghaidh tuilleadh galar. Forbraíodh vacsaín in aghaidh ghalar víris Ebola le déanaí, agus tá taighde ar bun ar vacsaíní le daoine a chosaint ar víreas easpa imdhíonachta daonna (HIV).
Sábháilteacht, cáilíocht agus caighdeáin
Sula bhféadfadh aon vacsaín nua a úsáid, ní foláir diantástáil a dhéanamh air. Ní féidir an vacsaín a cheadú le húsáid san Aontas Eorpach (AE) ná sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ach amháin tar éis measúnú eolaíochta lena cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtacht a áirithiú.
Ní foláir léiriú sa mheasúnú go bhfuil na buntáistí maidir le cosaint daoine ar ghalair i bhfad níos mó ná aon riosca féideartha. Cuireann na saineolaithe buntáistí agus aon rioscaí féideartha san áireamh go han-chúramach, go háirithe de bhrí go dtógtar na vacsaíní do dhaoine sláintiúla.
Is ansin amháin, tar éis ceadú, is féidir vacsaín a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid le daoine a chosaint. Déantar monatóireacht leanúnach ar an vacsaín lena áirithiú go mbíonn sí sábháilte éifeachtach fós.
Mar a bhíonn le gach aon leigheas, d’fhéadfadh go mbeadh fo-iarmhairtí ar roinnt daoine, ach bíonn siad sin éadrom agus ní mhaireann i bhfad. Airítear leo siúd fiabhras éadrom, nó pian nó deirge ag láthair an insteallta. Is annamh a bhíonn fo-iarmhairtí tromchúiseacha ann.
Buntáistí vacsaínithe
Cuireann vacsaíní cosc ar ghalair a d’fhéadfadh a bheith in a gcúis le fadhbanna sláinte, míchumais nó bás. Is annamh anois a lán galair mar gheall ar vacsaíniú.
Formheas vacsaíní san Aontas Eorpach
Faisnéis maidir le formheas vacsaíní, tástáil agus meastóireacht eolaíoch arna déanamh ag na húdaráis chun a gcáilíocht, a n-éifeachtacht agus a sábháilteacht a rialú.
Faireachán a dhéanamh ar sábháilteacht vacsaíne agus fo-iarmhairtí a thuairisciú
Tar éis do vacsaíní a bheith ceadaithe, déanann údaráis AE agus náisiúnta monatóireacht leanúnach ar fho-iarsmaí i ndaoine ar tugadh an vacsaín dóibh.
Éifeachtacht vacsaíne
Tá vacsaíní formheasta éifeachtach chun galair agus siomptóim thromchúiseacha a chosc agus chun tarchur a laghdú.
An chaoi a n-oibríonn vacsaíní
Faigh tuilleadh eolais maidir le conas a chosnaíonn vacsaíní daoine trí fhreagairt imdhíonachta a spreagadh.
Cinntí maidir le vacsaíní atá in úsáid i dtíortha difriúla na hEorpa
Foghlaim conas a chinneann tíortha na hEorpa cad iad na vacsaíní a bheidh mar chuid dá gcláir náisiúnta vacsaínithe.