Heipitíteas B

Cad é heipitíteas B? 

Is ionfhabhtú an ae é Heipitíteas B de bharr an víris heipitíteas B, a scaiptear trí theagmháil le sreabháin ionfhabhtaithe choirp.

Tarlaíonn an chuid is mó d’ionfhabhtuithe trí theagmháil le fuil ionfhabhtaithe, ach is féidir le seamhan, seile agus sreabhán faighne a bheith tógálach freisin.

Tar éis géar-ionfhabhtaithe nó ionfhabhtú gearrthéarmach le heipitíteas B, bíonn ionfhabhtú ainsealach nó ionfhabhtú fadtéarmach ar roinnt daoine.

Nauseous man

Cad iad na comharthaí agus na siomptóim de heipitíteas B? 

Ní bhíonn comharthaí ná siomptóim a bhaineann le hionfhabhtú gearrthéarmach ar dhaoine aonair den chuid is mó ach d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith orthu:

  • buíochán (an chraicinn nó scléaraí na súl)
  • fual dorcha
  • tuirse
  • easpa goile
  • míchompord boilg
  • masmas
  • urlacan
  • fiabhras

Cad iad aimhréidheanna heipitíteas B? 

D’fhéadfadh roinnt daoine ionfhabhtú ainsealach, nó fadtéarmach, a fhorbairt. A óige a bhíonn duine nuair a ionfhabhtaítear iad is ea is mó seans go bhforbróidh siad heipitíteas B ainsealach. Mar shampla, d’fhéadfadh suas le 90 % de naíonáin a ionfhabhtaítear leis an víreas ionfhabhtuithe ainsealacha a fhorbairt i gcomparáid le níos lú ná 5 % de dhaoine fásta a ionfhabhtaítear.

Bíonn daoine a bhfuil ionfhabhtú ainsealach orthu i mbaol níos mó ó aimhréidheanna, lena n-áirítear ciorróis (coilm an ae) agus ailse ae (carcanóma heipeataceallach).

couple illustration

Conas a scaiptear heipitíteas B? 

Scaiptear heipitíteas B trí theagmháil le sreabháin éillithe coirp, amhail fuil, nó le linn teagmháil ghnéasach. I dtíortha AE agus LEE, is tríd an tarchur gnéasach is mó a tharchuirtear é.

Tarlaíonn tarchur i suíomhanna cúraim sláinte de bharr steiriliú neamhleor trealaimh leighis, nó de bharr steallairí agus snáthaidí a athúsáid, ar bhonn níos neamhghnáiche. Is annamh san Eoraip anois an tarchur trí fhuilaistriúcháin nó trí tháirgí fola mar gheall ar chláir éifeachtacha shábháilteachta fola.

Is féidir an víreas a tharchur freisin le linn breith linbh. Is annamh san Eoraip é sin a bhuí le cláir thástála le linn toirchis (scagthástáil réamhbhreithe) agus a bhuí le vacsaíniú tráth breithe nuair a bhíonn an víreas ar an máthair. Mar sin féin, tá tarchur ó mháthair ionfhabhtaithe chuig a leanbh le linn toirchis nó le linn breith linbh (tarchur ingearach) fós ar cheann de na bealaí tarchuir is coitianta ar fud an domhain.

Uaireanta, is féidir go dtarchuirtear an víreas freisin trí nithe a éillítear le sreabháin ionfhabhtaithe choirp a roinnt. Is féidir le rudaí a bhriseann an craiceann nó seicní múcasacha, amhail rásúir agus scuaba fiacla, a bheith mar chúis le nochtadh d’fhuil ionfhabhtaithe. 

Cé atá i mbaol ó heipitíteas B?

Cé gur féidir le duine ar bith heipitíteas B a tholgadh, tá na grúpaí seo a leanas i mbaol níos mó uaidh:

  • teagmhálaithe gnéasacha daoine le heipitíteas B
  • daoine a insteallann drugaí nó a roinneann snáthaidí, steallairí, agus cineálacha eile trealaimh drugaí
  • naíonáin a bheirtear do mháithreacha a bhfuil heipitíteas B orthu
  • daoine a chónaíonn le duine a bhfuil heipitíteas B orthu
  • grúpaí áirithe othar amhail diaibéitigh nó daoine ar scagdhealú 
  • oibrithe cúraim sláinte a nochtar d’fhuil
process of vaccination illustration

Conas is féidir heipitíteas B a chosc? 

Is é vacsaíniú in aghaidh heipitíteas B an chaoi is éifeachtaí chun ionfhabhtú a chosc. Cuireann vacsaíní sábháilte éifeachtacha ardleibhéil chosanta ar fáil agus tá cláir vacsaínithe uilíocha leanaí in aghaidh heipitíteas B curtha chun feidhme ag formhór na dtíortha san Eoraip.

Féadfar é a chosc freisin tríd an méid seo a leanas

  • cleachtais insteallta shábháilte
  • cleachtais ghnéis níos sábháilte
  • straitéisí cuimsitheacha sábháilteachta fola
  • rialú láidir ionfhabhtaithe i suíomhanna cúraim sláinte

Conas a chóireáiltear heipitíteas B? 

Ní fhaigheann formhór na n-othar cóireáil fhrithvíreasach ar leith ar ghéar-heipitíteas B agus cuirtear cúram tacaíochta ar fáil dóibh bunaithe ar a siomptóim.

Is féidir ionfhabhtú heipitíteas B ainsealach a chóireáil le leigheasanna frithvíreasacha. Ní leigheas ar an ionfhabhtú atá sa chóireáil, ach is féidir léi moill a chur ar fhorbairt ciorróise nó é a stopadh, is féidir léi an dóchúlacht go mbeidh ailse ae ar an othar a laghdú, agus is féidir léi marthanas fadtéarmach a fheabhsú. 

Nóta: Is chun críche faisnéis ghinearálta an fhaisnéis sa bhileog eolais seo, agus níor cheart í a úsáid mar ionadaí do shaineolas agus breithiúnas aonair ó ghairmí cúraim sláinte.