Vacsaíniú cúitimh agus teanndáileoga
D’fhéadfadh sé nach bhfuair roinnt daoine vacsaíniú nó nach bhfuair an líon molta dáileoga. Féadann siad vacsaíní cúitimh a fháil fós.
Ba cheart do gach duine seiceáil go bhfuair siad na vacsaíní atá molta go náisiúnta, agus comhairle a lorg ó ghairmí leighis i gcás go bhfuil cinn chúitimh de dhíth. D’fhéadfadh sé go mbeadh fiosrú na dtaifead vacsaínithe nó na sceideal vacsaínithe a bhí ar bun nuair a rugadh an duine, i gceist leis sin. Is féidir imdhíonacht an duine a thástáil freisin maidir le galair áirithe, amhail varicella (deilgneach) agus rubella (bruitíneach dhearg).
Mura bhfuil a fhios ag duine cé acu an bhfuair sé vacsaíniú in aghaidh galar ar leith nó nach bhfuair, is féidir leis dáileog sa bhreis a fháil gan an baol ar aon fho-iarmhairtí tromchúiseacha a mhéadú (1).

Is féidir cláir vacsaínithe cúitimh a eagrú do ghalair áirithe. Mar shampla, de dheasca méadú i líon na gcásanna i measc déagóirí agus aosaigh óga, tá cláir vacsaínithe cúitimh ann i roinnt tíortha AE/LEE dóibh siúd a d’fhéadfadh vacsaíniú bruitíní a chailleadh ag aois níos óige nó ró-aosta é a fháil mar leanbh.
Tugann an chuid is mó de vacsaíní imdhíonacht ar feadh an tsaoil.
Tugann cuid vacsaíní, áfach, imdhíonacht a mhaolaíonn le himeacht ama, ar a dtugtar ‘imdhíonacht mhaolaitheach’. I roinnt tíortha moltar teanndáileoga ag eatraimh rialta le linn ógántachta agus aosachta, chun imdhíonacht a choimeád ar feadh tréimhse níos faide, in aghaidh, mar shampla:
- diftéire
- teiteanas
- pertussis (triuch)
I roinnt tíortha moltar teanndáileoga go sonrach do dhaoine a bhíonn ag taisteal nó dóibh siúd atá i mbaol méadaithe ar nochtadh don ghalar.
Tabharfaidh soláthraí cúraim sláinte faisnéis faoi na teanndáileoga atá de dhíth.
--------------------------------------------------------------------
Tagairtí:
(1) https://www.cdc.gov/cdc-info/vaccines-immunizations.html
Sceidil vacsaínithe san AE/LEE
Tá cláir imdhíonta náisiúnta agus sceidil vacsaínithe á dtairiscint ag tíortha AE chun a bpobail a chosaint.
Vacsaíniú éigeantach nó molta
Faisnéis maidir le vacsaíniú éigeantach agus molta i dtíortha Eorpacha.
An uair le vacsaíniú a sheachaint
Faisnéis maidir le cathain nach moltar vacsaíniú, lena n-áirítear i gcás ailléirgí, neamhoird córais imdhíonachta, cóireálacha leighis áirithe, agus toirchis.