Sceidil vacsaínithe san Aontas/in LEE

Vaccination schedules

Bíonn gach Ballstát agus gach tír LEE freagrach as a mbeartas sláinte phoiblí náisiúnta féin, lena n‑áirítear a gclár imdhíonachta náisiúnta agus a sceideal vacsaínithe.

Is féidir teacht ar sceidil vacsaínithe náisiúnta gach Ballstáit agus gach thír LEE i Sceidealóir Vacsaíní ECDC.

D’fhéadfadh roinnt difear a bheith i gceist le sceidil vacsaínithe ó thír go tír. Baineann siad de ghnáth le:

  • haois na ndaoine atá le vacsaíniú;
  • grúpaí daonra;
  • líon na ndáileoga agus an t‑eatramh eatarthu;
  • cibé acu a thugtar vacsaíní astu féin nó i gcomhar le cinn eile. 

I roinnt Ballstát agus tíortha LEE, tá sé éigeantach leanaí a vacsaíniú i gcoinne galar áirithe. I measc na ndifríochtaí sin tá an tionchar a bhíonn ag tosca amhail ualach an ghalair lena mbaineann, struchtúir agus acmhainní an chórais cúraim sláinte, tosca polaitiúla agus cultúrtha agus athléimneacht an chláir vacsaínithe.

Ní hé sin le rá gurb ionann difear sna sceidil vacsaínithe agus go bhfuil cuid acu níos fearr ná a chéile. Cuirtear in oiriúint iad do chúinsí agus do chórais sláinte éagsúla. Áirithítear an leibhéal céanna cosanta i ngach Ballstát agus i ngach tír LEE. 

Tá rátaí arda vacsaínithe bainte amach ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE trí vacsaíniú éigeantach agus neamhéigeantach araon.

Sceidil vacsaínithe

Áirítear mar chuid de na sceideal vacsaínithe leanbhaoise i ngach Ballstát agus i ngach tír LEE vacsaíniú in aghaidh na ngalar seo a leanas:

  • bruitíneach;
  • plucamas;
  • bruitíneach dhearg;
  • diftéire;
  • teiteanas;
  • triuch;
  • polaimiailíteas;
  • Haemophilus influenzae cineál B;
  • papillomaivíreas daonna (HPV).

Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) vacsaíniú in aghaidh heipitíteas B mar chuid den sceideal vacsaínithe uilíoch leabhaoise, ach ní dhéanann roinnt Ballstát ná tíortha LEE ach leanaí a bhíonn i mbaol níos airde ionfhabhtaithe agus daoine fásta i bpríomhghrúpaí riosca a vacsaíniú.

Tairgtear vacsaíniú do leanaí i roinnt Ballstát agus tíortha LEE in aghaidh na ngalar seo a leanas:

  • heipitíteas A;
  • fliú;
  • galar ionrach arb é Neisseria meningitidis is cúis leis;
  • galar ionrach arb é Streptococcus pneumoniae is cúis leis;
  • rótaivíreas;
  • eitinn;
  • deilgneach (varicella).

Ina theannta sin, moltar vacsaíniú in aghaidh an fhliú shéasúraigh (fliú) do phríomhghrúpaí riosca i ngach Ballstát agus i ngach tír LEE.