Einceifilíteas sceartán-iompartha (TBE)

Bileog eolais

Céard é einceifilíteas sceartán-iompartha (TBE)? 

Is galar tógálach víreasach daonna é einceifilíteas sceartán-iompartha (TBE) a bhaineann le lárchóras na néaróg agus a bhíonn á scaipeadh in go leor áiteanna san Eoraip agus san Áise. Tarchuirtear an víreas trí ghreim sceartán ionfhabhtaithe, a fhaightear go minic i ngnáthóga coillearnaí. Tuairiscítear os cionn 3 000 cás de TBE ar an meán in AE/in LEE gach bliain. 

Symptoms of TBE

Cad iad siomptóim TBE? 

Is minic a bhíonn dhá chéim ar leith ag TBE. I measc na siomptóm a bhaineann leis an gcéad chéim tá:

  • fiabhras
  • tuirse
  • tinneas cinn
  • cráphian mhatáin
  • masmas. 

Baineann an dara céim leis an gcóras néareolaíoch agus le siomptóim mheiningítis (athlasadh na seicne timpeall ar an inchinn agus ar chorda an dromlaigh) agus/nó einceifilíteas (athlasadh na hinchinne).

Cad iad aimhréidheanna TBE? 

Is féidir le TBE a bheith ina chúis le hathlasadh na hinchinne (einceifilíteas) agus na seicní timpeall ar an inchinn agus ar chorda an dromlaigh (meiningíteas). D’fhéadfadh aimhréidheanna néareolaíocha éagsúla a bheith mar thoradh air sin, amhail:

  • deacrachtaí cuimhne, airde agus feidhme foriomláine cognaíche
  • laige matáin, creathanna, comhordú lagaithe agus gluaiseachtaí neamhdheonacha
  • mairbhití agus griofadach.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh siomptóim leanúnacha agus iarmhairtí fadtéarmacha dul i bhfeidhm ar dhaoine aonair a raibh TBE orthu. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh leis sin 

  • tuirse ainsealach
  • deacrachtaí cognaíocha fadálacha
  • feidhm luadrach lagaithe
  • siomptóim néareolaíocha eile.
Tick biting leg - TBE spreads through bites from infected ticks

Cén chaoi a scaiptear TBE? 

Scaiptear TBE go príomha trí ghreim sceartáin ionfhabhtaithe a iompraíonn an víreas TBE.  Is féidir le speicis éagsúla sceartán an víreas a iompar. Déantar sceartáin a ionfhabhtú leis an víreas TBE nuair a bhíonn siad ag beathú ar ainmhithe ionfhabhtaithe. Nuair a ionfhabhtaítear é, is féidir leis an sceartán an víreas a tharchur chuig daoine tar éis dó é féin a cheangal leis an gcraiceann. Tarchuirtear an víreas go han-tapa, mar sin ba chóir sceartáin a bhaint chomh luath agus is féidir le pionsúirín. 

Faightear na sceartáin sin go coitianta i limistéir choillteacha nó fhéarúla inar féidir leo teacht i dteagmháil le daoine. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir TBE a tharchur go díreach ó dhuine go duine.

Cé atá i mbaol TBE a tholgadh?

I limistéir ina mbíonn TBE coitianta, d’fhéadfadh daoine a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí áineasa nó ceirde amuigh faoin aer amhail fiach, iascaireacht, campáil, bailiú muisiriún nó caora, foraoiseacht, treodóireacht agus feirmeoireacht a bheith i mbaol ionfhabhtaithe trí theagmháil le sceartáin ionfhabhtaithe.

Tá fianaise ann go bhféadfadh daoine a itheann táirgí déiríochta neamhphaistéartha a bheith i mbaol TBE a tholgadh freisin, ós rud é go bhfuarthas cásanna i ndaoine a bhí tar éis bainne amh a ól ó ghabhair a mhaireann i limistéir ina mbíonn an víreas TBE. 

Hiker getting TBE vaccine

Cén chaoi ar féidir TBE a chosc? 

Tá an vacsaíniú ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun TBE a chosc. 

Ina theannta sin, is féidir an baol go n-ionfhabhtófaí thú leis an víreas TBE a laghdú trí ghreimeanna sceartáin a sheachaint ar bhealaí éagsúla:

  • éarthach sceartáin a úsáid
  • éadaí le muinchillí fada a chaitheamh mar aon le brístí fada
  • do chorp a chuardach le haghaidh sceartán tar éis gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus sceartáin a bhaint le pionsúirín a luaithe is féidir.

Cén chóir leighis atá ann le haghaidh TBE?

Níl aon bhealach ar leith ann chun TBE a choireáil. Braitheann an chóireáil ar bhainistíocht thacúil. Má bhíonn meiningíteas, einceifilíteas nó meiningimiailíteas ar othar dá bharr, beidh cúram san ospidéal agus cúram tacúil de dhíth orthu, e.g. tacaíocht análaithe, chun bheith hiodráitithe i gcónaí, nó chun at na hinchinne a laghdú.

Nóta: Is chun críche faisnéis ghinearálta an fhaisnéis sa bhileog eolais seo, agus níor cheart í a úsáid in ionad shaineolais agus breithiúnas aonair ó ghairmí cúraim sláinte.